by D.B. Slaney (he/him)
Photography by Silje-Marie Svendsen.
Ar deireadh, tháinig Rosie ar an mbialann. Théis di a bheith ag spaisteoireacht timpeall na cathrach, níor thuig sí go raibh ocras uirthi go dtí gur bhuail buama folamh ina bolg. Ach le píosa taighde sciobtha sa stáisiún faoi thalamh, d’éirigh léi teacht ar bhialann veigeánach.
Lár an trathnóna a bhí ann, agus bhí an bhialann folamh. Roghnaigh Rosie bord ar chúl, ach ba bheag nar thit sí den chathaoir agus í ag suígh uirthi. Beag beann ar an dath gréine uirthi, bhí a craiceann ag bánú.
“Szia,” arsa an freastalaí.
“Hi. Could I get an English menu, please?” arsa Rosie.
Bhreathnaigh an freastalaí ar Rosie ar feadh boimaite agus a lámha fuascracha ag lorg an bhiachláir chuí.
“For you.”
“Thank you.”
“I like your earring, it’s cool.”
“Oh, thank you.”
Bhí dath dearg ar leicne Rosie nár aon dódh gréine é.
Ní raibh ach fáinne cluasa amháin aici, ina cluas clé. Chaill sí an ceann eile sa Ghearmáin – má b’fhíor dá cuimhní. Agus an t-uafás taistil déanta aici le trí sheachtain anuas, ní raibh sí ró-chinnte faoi chuimhne ar bith. Ba chaoineog é a hinchinn le déanaí ach ba chúnamh é a dialann di.
Shiúil an freastalaí lastiar den chuntar agus léigh Rosie an biachlár. Nuair a d’fhill an freastalaí uirthi, roghnaigh sí pizza le liomónáid. Thóg an freastalaí an biachlár le meangadh beag agus d’fhág gloine ar an mbord.
“I thought you might like some water.”
“Oh, thanks.”
D’fhág an freastalaí arís agus bhain Rosie leabhar sudoku da mála. Thosaigh sí ag líonadh na boscaí, mar a bhí déanta aici i mbialanna ar fud na hEorpa. Smaoinigh sí ar an bhfreastalaí lastiar den chuntar.
– An inseoidh mé scéal an fháinne cluasa di?
– No, ba chuma lei.
– Ach dúirt sí go raibh see cool. Agus is iontach an scéal é.
– Tá sí díreach ag lorg séisín. Má insíonn tú an scéal, caithfidh tú an iomarca ama ag labhairt agus éireoidh tú amscaí, mar is gnáth.
– Ach thug sí uisce dom gan cheist. Seans go bhfuil sí ag lorg comhrá.
– Féach thart. Tá an bhialann folamh. Tá leadrán uirthi, b’shin an méid. Agus féach ort féin. Ní raibh uisce agat an lá uilg agus tá tú ag éirí níos bána i rith an ama. Tá spotaí ag éirí ar d’aghaidh ón a bheith ag caitheamh shisha agus ag ól vodka whites ar feadh na hoíche. Chomh maith le sin go léir, tá tú clúdaithe le meascán allais agus uachtar gréine. Ná chuir isteach ar an gcailín bocht.
D’fhill an freastalaí le lón Rosie agus thóg an sudoku faoi deara.
“I have not seen this in a long time.”
“Yeah, I just use it as a distraction.”
“I’m not good with numbers. You must be very smart.”
“It’s just patterns really. No maths.”
– Ba choir dom sampla a thaispeáint di.
– Ná thaispeáin, cuirfidh tú náire ort féin. In áit sin, díreach ghabh Rosie buíochas leis an bhfreastalaí arís. D’ith sí, d’íoc, agus d’fhág. Níor roinn sí aon scéal leis an bhfreastalaí.
D. B. Slaney
D. B. Slaney is a writer who has been published in the New Word Order, The Ogham Stone, and the Unapologetic Magazine. He writes to understand himself and his place in the world, as well as topics such as the Irish Identity. For this issue, he wrote simply to express his creativity. You can find him on Twitter @DevinBSlaney